Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
An cnuasach is suntasaí de thuamaí cloiche ársa in Éirinn
Suíomh dúnta de bharr srianta Covid-19.
Ionad dúnta
Suíomh dúnta de bharr srianta Covid-19.
Cead isteach
Saor go dtí 2021
Duine fásta: €5.00
Seanóir: €4.00
Páiste: €3.00
Teaghlach: €13.00
Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
An Cheathrú Mhór – an reilig is mó de thuamaí meigiliteacha in Éirinn. Tá sí suite siar ó dheas ó bhaile Shligigh, i gcroílár Leithinis Chúil Írra, ceantar atá an-tábhachtach ó thaobh réamhstaire de.
Tá 30 tuama cloiche go dlúth le chéile ag an gCeathrú Mhór, agus is féidir mórán díobh a fheiceáil go fóill. Is tuamaí pasáiste agus ciorcail bhollán iad formhór acu. Tá dúnfoirt agus galláin éagsúla sa cheantar freisin. Téann bunúis na séadchomharthaí seo i bhfad siar sa réamhstair – tá an ceann is ársa díobh nach mór 6,000 bliain d’aois.
I gceann de na teachíní athchóirithe, tá taispeántas nua den scoth a shásóidh fiosracht na gcuairteoirí is deacra a shásamh. Bígí ullamh le haghaidh siúlóide thar thír-raon garbh.
Buaicphointí

Gailearaí
Teagmháil
Ceathrú Mhór Leacan
Sligeach
F91 E638
071 916 1534
carrowmoretomb@opw.ie
Áiseanna
- Carrchlós
- Turais threoraithe
- Taispeántas léirmhínitheach
- Leithris
Srianta
- Rochtain Theoranta
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Mainistir Shligigh
Áit a mbaintear macalla as paidreacha na mbráithre i measc na bhfothrach
Timpeall 3.9 km ón Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Caisleán Parke
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael
Timpeall 12.1 km ón Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Teach Sheáin Mhic Dhiarmada
Ceann de chliabháin an Éirí Amach
Timpeall 33.8 km ón Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire