Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caiseal Chnoc Droma

Caiseal athchóirithe a bhreathnaíonn amach ar an Aigéan Atlantach

Unguided sites

Fearann Dáith, Co. Chorcaí

Caiseal Chnoc Droma

Caiseal athchóirithe a bhreathnaíonn amach ar an Aigéan Atlantach

Unguided sites

Fearann Dáith, Co. Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caiseal Chnoc Droma atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Cosán tiomnaithe i dtreo an daingin*

Caiseal Chnoc Droma

Suite gar do shráidbhaile gleoite cois trá darb ainm Baile an Chaisleáin, tá Caiseal Chnoc Droma. Crochta ar mhullach beag, ag breathnú amach ar radhairc áille an Aigéin Atlantaigh, is fiú go mór an dreapadh 80 céim go dtí an barr.

Síltear go dtéann an dún seo chomh fada siar leis an tréimhse Neoiliteach agus tá fianaise ann gur úsáideadh é mar phointe faire, agus seomra fairtheora ann gar don bhealach isteach.

Rinneadh athchóiriú ar an dún seo thart air 1860 agus tá bunsraitheanna laistigh dá theorainneacha a bhfuil an chuma orthu gur bunsraitheanna tí iad, agus uaimh thalún, nó pasáiste faoi thalamh, in aice láimhe.

Laistigh den chaiseal tá cloch a bhfuil cros snoite air, agus lasmuigh de tá cloch eile atá cuasghreanta. Is minic a shíltear baint a bheith ag na marcanna seo le séadchomharthaí Neoiliteacha, agus tá siad ar cheann de na dearaí carraige is coitianta in Éirinn.

Gabh Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh faisnéise a fháil ar Chaiseal Chnoc Droma

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol