Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Charraig an Phúca

Caisleán cosanta is dócha

Unguided sites

Carraig an Phúca
Contae Chorcaí

Caisleán Charraig an Phúca

Caisleán cosanta is dócha

Unguided sites

Carraig an Phúca
Contae Chorcaí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán Charraig an Phúca atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Tabhair faoi deara: uaireanta bíonn beostoc sa pháirc atá mórthimpeall an tséadchomhartha seo*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán Charraig an Phúca

Seasann an túrtheach cúig stór seo ar bharr lomáin chreagaigh ghéir os cionn an tSuláin. Táthar den tuairim go bhfuil taibhse mhioscaiseach ar an lomán. Rinne Domhnall Mór Mac Carthaigh as an Driseán (deartháir le Cormac a thóg Prióireacht Chill Chré) é a thógáil sa bhliain 1436 ar bhealach straitéiseach idir Maigh Chromtha agus Ciarraí. Bhí muintir Mhic Cárthaigh de shíor ag troid lena chéile. Ar deireadh thiar thall, sa bhliain 1602, ghabh gaol i bhfad amach acu — Domhnall Cam Ó Súilleabháin Bhéara, 1ú Cunta Bhaile Chaisleáin Bhéarra — an caisleán le lámh láidir. Chuaigh 16ú Tiarna Mhúscraí, Cormac Tadhg Mac Cárthaigh, ar a chaomhnú ann an bhliain roimhe sin i ndiaidh Chath Chionn tSáile sular mhaith Eilís I dó.

Féadtar an príomhsheomra ar urlár na talún a bhaint amach trí dhoras urlár na talún ar an taobh thuaidh den túr. Ag an gceann thuaidh den seomra sin, téann staighre múrach bíse suas go dtí an ceathrú hurlár. Tá urlár na talún á shoilsiú ag trí fhuinneog asláir lena ngabhann léas ceannchearnach amháin. Tá an chéad urlár soilsithe ag fuinneoga sa bhalla thuaidh agus sa bhalla theas; tá siad ar nós na bhfuinneog ar urlár na talún. Is ionann dearadh do na fuinneoga ar an dara hurlár, ach amháin go mbaineann lindéar leis an bhfuinneog thoir. Tá clóiséad ar an tríú hurlár atá á shoilsiú ag fuinneoga spréite agus lindéar. Tá an t-urlár uachtair soilsithe ag fuinneoga ar an mballa thuaidh, ar an mballa thoir agus ar an mballa theas. Tugann staighre múrach rochtain ar an siúlán barrbhalla, ach níl aon fhorbhallaí ann a thuilleadh. Tá íochtar bartasáin fós ann sa chúinne thoir thuaidh agus sa chúinne thiar theas, áfach. Ós rud é nach bhfuil tinteáin ar bith sa túr, féadtar a rá gur le haghaidh gnóthaí míleata a tógadh é seachas mar áit chónaithe.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chaisleán Charraig an Phúca

 Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol