Skip to content

Oidhreacht Éireann

Clocha Oghaim Thulaigh Ghearráin

Clocha Oghaim a bhí gar do thalamh ársa adhlactha tráth

Unguided sites

Tulaigh Ghearráin
Contae Chiarraí

Clocha Oghaim Thulaigh Ghearráin

Clocha Oghaim a bhí gar do thalamh ársa adhlactha tráth

Unguided sites

Tulaigh Ghearráin
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Clocha Oghaim Thulaigh Ghearráin

*Radharc Seachtrach Amháin ó Thaobh an Bhóthair, Níl Aon Bhealach Isteach Trí Gheata an Fheirmeora*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Clocha Oghaim Thulaigh Ghearráin

Tháinig an dá Chloch Oghaim i dTulaigh Ghearáin ó Bhaile an Reannaigh an chéad lá riamh, níos faide siar ar an taobh thuaidh de Leithinis Dhaingean Uí Chúis. Thángthas orthu ansin in 1848, tar éis gur nochtadh talamh ársa adhlactha i ndiaidh stoirme, óna bhfuil radharc ar Ard na Caithne. Bhog an Tiarna Ventry an dá chloch go Tulaigh Ghearráin sa 19ú haois chun a áras cónaithe Chute Hall a mhaisiú.

Seanaibitír Ghaeilge é ogham agus is é an fhoinse scríofa Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn é. Maidir leis an oghamchraobh, gearradh línte ar an gcoslíne lárnach, trasna na coslíne lárnaí nó ar an dá thaobh den choslíne lárnach. B’iondúil gur scríobhadh ogham go hingearach agus léitear ón mbun aníos é. Tá dealramh air gur cuireadh clocha oghaim in airde mar leaca cuimhneacháin nó mar mharcóirí críche. Is gnách go mbíonn ainm duine orthu agus go mbíonn foirmle chaighdeánach, ar nós an chinn seo a leanas, le sonrú: “X mac Y, duine de threibh Z”. Cé gur dearadh an aibítir don Ghaeilge, is ann do roinnt inscríbhinní oghaim i Laidin in Éirinn fosta. Tá thart ar 400 inscríbhinn oghaim fós ann. Tá timpeall 350 díobh le fáil in Éirinn. Tá an chuid is mó de na clocha oghaim lonnaithe i gContae Chorcaí, i gContae Chiarraí agus i gContae Phort Láirge. Thángthas ar 50 inscríbhinn oghaim nó mar sin thall sa Bhreatain; tá clocha oghaim suite sa Bhreatain Bheag, in Albain, ar Oileán Mhanann, i gCorn na Breataine agus in iarthar Shasana.

Tá an dá chloch i dTulaigh Ghearráin tuairim is méadar amháin ar airde. Is é seo an tras-scríobh a rinneadh ar an inscríbhinn ar an gcéad chloch: LUBBAIS MAQQI DUN….S (“as Lubbais mac le Dun…s”), an dara léamh is ea CCICAMINI MAQQ(I) C(A)TTINI (“as Cíchmuine mac le Caitne”).

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Chlocha Oghaim Thulaigh Ghearráin

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol