Fógra
Séadchomhartha Náisiúnta is ea Cloigtheach Ráth Tuaidh atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí
*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh; Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Cloigtheach Ráth Tuaidh
Is é Cloigtheach Ráth Tuaidh an t-aon chloigtheach slán atá fós ann i gCiarraí. Tá sé ina sheasamh in ionad eaglasta luath-mheánaoiseach Ráth Tuaidh. Tá reilig san ionad ina bhfuil 29 tuama agus 16 chloch chinn a bhfuil ainmneacha orthu; tá an ceann is sine acu ón mbliain 1770. Tá 45 cloch chinn eile nach bhfuil ainmneacha orthu. Meastar go mbaineann an t-ionad eaglasta leis an 13ú céad agus, le tógáil an chloigthí, tugtar le tuiscint gurbh ionad saibhir é. Tá daoine eile den tuairim go mb’fhéidir gur bhain an t-ionad leis an Easpag Lughach ón 6ú céad.
Rud a bhfuiltear cinnte faoi ná gur bhronn an Rí Eoin cuid mhór den cheantar seo i dTuaisceart Chiarraí ar Meiler Fitzhenry sa bhliain 1210 i ndiaidh ionradh na nAngla-Normannach. Chuir an Bráthair William mainistir Agaistíneach (an t-ainm ceart: Ospidéal Eoin Baiste [Fratres Cruciferi]) agus Mainistir Ord Arrouaise Naomh Peadar agus Naomh Pól ar bun i ndiaidh 1200. Deimhnítear i gcairt gur bronnadh Tuaisceart Chiarraí ar Meiler Fitzhenry agus deirtear inti: tógtha ag an mBráthair William ar mo thailte i gCiarraí, fianaithe ag David, Easpag Iarmhumhan/Ard Fhearta.
Sonraítear i ngearrchuntas ón mbliain 1318 go ndearna Gaeil na háite na manaigh a scriosadh agus a dhó. Ní fios cá huair a bhánaigh an suíomh. Sa bhliain 1573, bhí léas ar an gceantar i seilbh Iarla Dheasumhan agus rinneadh é sin a athnuachan in 1576. Síltear gur fhan na manaigh go dtí an dara hÉirí Amach tubaisteach i nDeasumhain nuair a fuair an Choróin seilbh ar ionaid réadmhaoine uile an Iarla. Tá dealramh air gur bronnadh tailte Ráth Tuaidh ar John Zouche, ceannasaí Sasanach. Ba le muintir Gunn na tailte ní b’fhaide anonn.
Tá an cloigtheach ar cheann de na samplaí is fearr in Éirinn. Tógadh le gaineamhchloch ghrianchlochach chrua é. Tá cóiriú agus cúrsa cothrom air laistigh agus lasmuigh agus tá sé timpeall 29 méadar ar airde. Baineann batar réidh cothrom leis mar thoradh ar sheach-chur 20cm óna bhonn aníos go dtí coirnis an chaipín. 15 mhéadar is ea imlíne an bhoinn. Tá sé urlár ar an taobh istigh atá ar fháinne coirbéal starrach atá ag ardú.
Is é an doras ceannchruinn sa taobh thoir theas den túr, atá 2.8 méadar os cionn na talún, an doras isteach. Bhaintí leas as dréimire le hé a bhaint amach. Tá múnlú cothrom ag an doras, tá dhá bhís chuartha ar a stua uachtair agus tá bíseanna ar an dá thaobh den doras — casann bís amháin deiseal agus casann an bhís eile tuathal. Tá fuinneog bheag rinneach os cionn an dorais; is é sin an ceathrú hurlár. Tá ceithre fhuinneog eile — thuaidh, theas, thoir agus thiar — ag barr an túir.
Thángthas ar Shíle na gcíoch agus múnlú millíní ar fhráma istigh na fuinneoige thuaidh nuair a bhíothas i mbun obair dheisiúcháin in 1880-1881. Tá Síle na gcíoch 30 cm ar airde ó mhullach go sáil agus tá sí 14 cm ar leithead ag an bpointe is leithne (na glúine). Déantar cur síos uirthi mar a leanas: ‘fíor chothrom lena mbaineann ceann mór, clár éadain suntasach agus cluasa a bhfuil cruth ait orthu — nach mór dronuilleogach; tá loig na súl agus an bhéil inti, ach níl aon srón aici; tá an smig gobach agus tá an muineál tiubh. Tá guaillí uilleacha uirthi agus níl aon bhrollaigh aici. Tá a sciatháin lúbtha agus tá a sciathán clé ar a leis; níl na lámha le feiceáil i dteilgean plástair, ach tá síneadh an sciatháin ag dul i dtreo na mball giniúna seachtrach; tá a sciathán deas ar dronuillinn. Tá leasracha agus colpaí na fíorach breá cruinn agus tá a dhá cos iompaithe amach’. Maidir le teilgean plástair, tá teilgean plástair de Shíle na gcíoch in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Is gné ailtireachta anchúinseach í Síle na gcíoch de ghnáth agus tá sí le fáil in Éirinn go flúirseach. Úsáideadh na fíoracha mar chosaint in éadan oilc, deamhan agus an bháis.
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Lios Tuathail
Urdhún deireanach na Mhuireasach
Timpeall 11.1 km ón Cloigtheach Ráth Tuaidh
Ardeaglais Ard Fhearta
Trí shéipéal mheánaoiseacha tiomanta do Naomh Breandán
Timpeall 15.5 km ón Cloigtheach Ráth Tuaidh
Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí
Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh
Timpeall 20.8 km ón Cloigtheach Ráth Tuaidh
Caisleán Dheasumhan – An Caisleán Nua Thiar
Áit a ndéanann fuaimeanna ragairne na meánaoise macalla timpeall na mballaí
Timpeall 40.0 km ón Cloigtheach Ráth Tuaidh
Caisleán an Rois
Daingean cois locha atá ar maos le seanchas
Timpeall 45.3 km ón Cloigtheach Ráth Tuaidh
Caisleán Eas Géitine
Fothrach a bhíodh ina dhaingean ag Iarlaí Dheasumhan
Timpeall 49.0 km ón Cloigtheach Ráth Tuaidh