Skip to content

Oidhreacht Éireann

Teach Munna – Tigh Munna

Ainmnithe i ndiaidh Naomh Fintan Munnu

Unguided sites

An Bansa
Contae na hIarmhí

Teach Munna – Tigh Munna

Ainmnithe i ndiaidh Naomh Fintan Munnu

Unguided sites

An Bansa
Contae na hIarmhí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Tigh Munna atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Ní Cheadaítear ach Féachaint air ón Taobh Amuigh. Ní Cheadaítear Dul Isteach Ann*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Teach Munna – Tigh Munna

Soir ó shráid Thigh Munna, ar an L1618, tá baile fearainn Theach Munna agus istigh ann, ag 1.8 km (1.12 míle) ó Thigh Munna, ar an taobh ó dheas den bhóthar, tá seod beag d’fhoirgneamh eaglasta daingnithe ar a dtugtar Tigh Munna.

Bhunaigh Naomh Munna, nó Naomh Fintan Munnu mar a thugtar air, a dtiteann an fhéile ar an 21 Deireadh Fómhair agus a fuair bás in 634AD, mainistir i Loch Garman, ar ainmníodh Teach Munna ina dhiaidh. Faigheann paróiste Theach Munna san Iarmhí a ainm uaidh freisin. Tá taifead ann den naomh mar dhuine a bhunaigh mainistir ar láthair an tséipéil atá ann faoi láthair, ach níl aon rud follasach fágtha den bhunaíocht luath sin seachas cruth bhalla teorann an chlóis in aice láimhe, a cheaptar a léiríonn a imfhálú luath.

Luíonn an láithreán i gcuas ag bun cnoic, ar cnoc beag géar é ar an taobh ó thuaidh den bhóthar ina seasann na hiarsmaí deiridh de Chaisleán Thigh Munna, a bhí faoi úinéireacht mhuintir Nugent. In 1452, rinne Feargal MacGeoghegan slad ar an gcaisleán agus ar an séipéal agus las sé iad, rud lena mínítear go réasúnach an chúis nach bhfuil na gnéithe inaitheanta is túisce den séipéal reatha níos túisce ná an 15ú haois.

Déanann Harold G. Leaske cur síos ina anailís fhorleathan agus údarásach ar an láithreán seo don Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland (1928), ar shuíomh an tséipéil i dteanga ghleoite. “An chodarsnacht idir gnéithe fisiciúla an réigiúin seo agus tailte fairsinge na hIarmhí agus na radhairc bhreátha orthu agus ar Loch Dairbhreach ó na fánaí, rud b’fhéidir a thugann údar leis an ainm ‘paróiste sléibhe’, agus ní de bharr a airde, lena bhfuil aithne air.”

Taifeadadh liosta de shealbhóirí na heaglaise in ‘History of the Diocese of Meath’ (1908) de chuid an Urramaigh John Healy agus cumhdaíodh 400 bliain ann idir 1434 agus 1845.

Le linn an 16ú haois, ghlac muintir Nugent seilbh ar Theach Munna ach bhí fíor-dhrochbhail air taobh istigh de 100 bliain. In 1619, bhásaigh Sir Christopher Nugent, as Maigh Ráth sa Mhí agus Farrow san Iarmhí, agus cuireadh i dTeach Munna é. Faoi 1622 rinne an tEaspag Ussher cur síos ar an séipéal mar fhothrach. De réir an tseanchais freisin tharla sé le linn léigir a thug Oilibhéar Cromail agus a chuid saighdiúirí ar an gcaisleán in aice láimhe in 1649, gur chodail an Leifteanantghinearál Parlaiminteach oíche i séipéal Theach Munna.

Tar éis faillí a bheith déanta ar an gcaisleán ar feadh breis agus 100 bliain, bhí Teach Munna á úsáid arís eile ag Eaglais na hÉireann i gcomhair seirbhísí in 1755. Tar éis cuairt a thug an tEaspag Ellis scríobh sé go raibh “Séipéal á dheisiú le spuaic sa pharóiste seo. Tá díon cloiche air, atá scoilte ó cheann go ceann agus a ligeann an bháisteach isteach, agus droch-chaoi ar an taobh istigh agus teastaíonn obair uaidh…..Is áit an-dorcha é agus tá an pobal an-bheag.”.

In 1843 rinneadh obair mhór athchóirithe ar an séipéal faoi mhaoirseacht Joseph Welland, príomhailtire leis an mBord um Choimisinéirí Eaglasta, agus tugadh an obair chun críche faoi 1847. Tá punann bheag líníochtaí de na hathruithe sin i Leabharlann Chomhlacht Ionadaíoch na hEaglaise i mBaile Átha Cliath.

Maidir leis an bhfoirgneamh athchóirithe féin, tá árasán boghtaí bairille aonair ann ina bhfuil meánlann agus saingeal, le túr ceithre stór ar an taobh thiar atá stuach ar an gcéad agus ar an tríú stór. Ceann sclátaí atá ar dhíon coincréite an tséipéil agus tá na huchtbhallaí starrach, faoi mar atá siad siúd sa túr dronuilleogach, rud a thugann le fios gur foirgneamh atá daingnithe go maith é tríd is tríd.

Níl aon mhaisiú ar fiú trácht air sa taobh istigh den séipéal, cé go bhfuil trí dhrisiúr bheaga ann ina gcoinnítear soithí reiligiúnacha, faoi na fuinneoga thuaidh, theas agus thoir. Tá an príomhdhoras isteach suite sa bhalla thuaidh, os cionn an áirse bhioraigh taobh amuigh ar a bhfuil greanadh éadain a bhfuil neart aimsire feicthe aige. Tá éadan eile síonchaite den sórt sin leagtha aon trian den bhealach suas ar an uilleann thiar thuaidh den túr. Rud iontach, agus mistéireach is dóigh, go bhfuil os cionn na fuinneoige ar thaobh na láimhe clé den phríomhdhoras, taobh amuigh, an fíor is gráinne dá bhfaca tú riamh ar a dtugtar Síle na gcíoch.

Suíonn doras i bhfad níos lú, atá dúnta isteach anois, sa bhalla theas. I ngach ceann de na ballaí thuaidh agus theas tá dhá fhuinneog bheaga an-chaol atá spréite isteach agus a chaitheann solas singil uathu, gach ceann le cinn chíme-chuspacha gaineamhchloiche atá dea-bhuailte, ach a bhfuil cuma sheanchaite orthu anois, faoi mhúnlálacha lipéid cearnóige, rud a bhí an-choitianta sa 15ú haois. Seans gur gnéithe athchúrsáilte a bhí iontu sin a tarrtháladh ó shéipéal níos sine ar an láithreán seo nó ar láithreán éigin eile. Tá linn ionnalta atá greanta go mion agus cupard dúbailte taobh istigh den bhalla theas. Feictear i ngrianghraf ó 1928 go bhfuil dea-bhail ar fhuinneog bhiorach nua-aimseartha ón 19ú haois.

Maidir leis an túr, tugtar le fios leis na seomraí uile sa cheann seo den fhoirgneamh gur úsáideadh é mar áit chónaithe. Os cionn an stóir ar urlár na talún, tá díon boghta atá ar sheomra an chéad urláir agus solas aige ó dhá fhuinneog dhronuilleogacha bheaga atá spréite isteach agus amach, le suíocháin sna cuasa leathana, chomh maith le tinteán leathan agus doirteal nó cloch sal-uisce. Ar an dara hurlár tá seomra codlata gan aon tinteán ach tá leithreas beag ann. Thuas ar an tríú hurlár tá seomra suí eile, gan aon tinteán anseo ach an oiread, agus amach uaidh tá seomra beag nach bhfuil ann ach dóthain spáis i gcomhair leapa. Sa chúinne thoir thuaidh den túr tá staighre ciorclach a théann chomh fada le gach urlár agus suas chomh fada leis an díon.

Dhílsigh Comhlacht Ionadaíoch na hEaglaise an foirgneamh do Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in 1926 lena chaomhnú mar shéadchomhartha náisiúnta.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Shéipéal Theach Munna

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol