Skip to content

Oidhreacht Éireann

Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí

Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh

Áirithint ar líne

24 Bealtaine - 25 Meán Fómhair 2024
Amanna oscailte go léir

Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí

Faigh amach faoi Stair, Miotas agus Finscéal Inis Cathaigh

BOOK ONLINE

24 Bealtaine - 25 Meán Fómhair 2024

See all opening times

Cead isteach

Iontráil saor in aisce d’Inis Cathaigh

Chun turas báid a chur in áirithe tabhair cuairt le do thoil ar

scatteryislandtours.com

Áirithint ar líne

Getting here

Cill Rois
Co. an Chláir

Get Directions

Follow us

Inis Cathaigh agus an tIonad Cuairteoirí

Déan taiscéalaíocht ar Inis draíochta Chathaigh- lán d’fhinscéal agus seanchas.

Tá timpeallacht chiúin, shíochánta ar Inis Cathaigh, inar féidir le cuairteoirí taiscéalaíocht a dhéanamh ar réimse iontach de shuíomhanna suimiúla, go léir faoi fhad siúil.

Sa lá atá inniu ann is féidir teacht ar iarsmaí d’oidhreacht ársa manachúil ar an oileán beag seo, cloigtheach, ardeaglais, agus roinnt séipéil meánaoiseacha ina measc. Mar aon leis na struchtúir stairiúla seo, tá teach solais, bataire airtléire, sráidbhaile athchóirithe inar mhair píolótaí an oileáin fadó mar aon le féarach aoibhinn ina gcónaíonn scata mór ainmhí agus plandaí. Tá Inis Cathaigh timpeallaithe ag uiscí glana ina maireann mamaigh ar nós an dobhrán agus an rón glas.

Tosóidh do thuras ag Muiríne Chill Rois, áit a dtéann tú ar bord an bháid farantóireachta. Bain taitneamh as eispéireas geataí loc na muiríne fad is a ghabhann an bád isteach in uiscí fothainiúla Inbhear na Sionainne. Tabharfaidh d’aistear mara gairid thar bhaile beag gleoite an Cheapaigh agus Oileán na Muice thú. Níos faide amach, nochtar cloigtheach agus teachíní an oileáin ar fhíor na spéire nuair a bhíonn an bád ag druidim chun cladaigh.

Nuair a shroicheann tú an t-oileán, cuirfidh treoraithe OOP fáilte romhat agus cuirfear tús le do thuras siúlóide treoraithe.

Foghlaim faoi chath cróga Naomh Seanán in aghaidh nathrach Chathaigh agus faoin lonnaíocht mhainistreach a bhunaigh sé ag tús an chúigiú haois. Súigh isteach stair spéisiúil an oileáin ó luath-ré na mainistreach go ham na n-oileánach deiridh a chónaigh ar Inis Cathaigh.

Ar chríochnú an turais, tabhair cuairt ar thaispeántas an oileáin ag Ionad na gCuairteoirí agus súigh isteach radhairc ag taobh na céibhe a fhéachann siar ar mhórthír Chiarraí agus an Chláir.

Chun tuilleadh taiscéalaíochta a dhéanamh d’fhéadfá tús a chur le d’aistear trasna ag an taobh theas den oileán, áit ar féidir teacht ar an teach solais agus an bataire airtléire. Treoraíonn do thuras fuaime thar an tSráid thú, an áit ar chónaigh na oileánaigh deiridh, ar aghaidh ansin chuig an teach solais, agus ar deireadh chuig bataire airtléire Napoléon, áit a bhfoghlaimeoidh tú níos mó faoin gcaibidil seo i stair an oileáin.
Ar chríochnú an turais fuaime, tá an rogha agat dul ar shiúlóid timpeall imlíne iomlán an oileáin, a ghlacann uair go leith breise ort agus a thugann radhairc lánléargais den inbhear agus do Chiarraí duit.

Dá mb’fhearr leat, téigh ag fálróid ar an gcosán ónar tháinig tú i dtreo ionad na gcuairteoirí agus súigh isteach iontais agus síocháin an oileáin.

Is féidir an turas fuaime treoraithe a íoslódáil freisin i bhFraincis, Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis.

Tabhair leat

  • Lón Pacáilte – Níl aon áiseanna le tae nó caife a dhéanamh ar an Oileán, tá uisce óil le fáil in Ionad Cuairteoirí an Oileáin. (Tá sé rí-thábhachtach nach bfhfágann tú ‘rian ar bith’ i do dhiaidh le do thoil agus tabhair bruscar agus aon bhia nach bhfuil ag teastáil abhaile leat)
  • Bróga maithe siúlóide
  • Seaicéad Gaothdhíonach / Uiscedhíonach (Ag brath ar an aimsir)
  • Tuáille/Blaincéad Picnice/Griansciath (Roghnach)

Faigh amach faoi chartlann dhigiteach iontach de stair Oileáin Chathaigh a chruthaigh Grúpa Oidhreachta Inis Cathaigh

CAOMHNAITHE AG OOP

Thug Bord na nOibreacha aire do na foirgnimh eaglasta ón naoú haois déag. Fuair an stát an-t-oileán iomlán i 1991 agus anois tá sé ina Shéadchomhartha Náisiúnta faoi chúram an stáit a bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí freagrach as.

Coinníonn grúpaí pobail ar an mórthír, iar-oileánaigh agus a dteaghlaigh sínte san áireamh, an-dúil san oileán agus an oidhreacht a bhaineann leis agus an chaoi gur cheart é a chur i láthair.

Tá OOP tar éis tabhairt faoi roinnt céimeanna oibre chun cóiriú a dhéanamh ar na séipéil, an ceann is déanaí ná Ardeaglais Naomh Muire agus Seanán. Rinneadh athchóiriú agus oiriúnú ar cheithre theach os comhair na céibhe le húsáid nua a bhaint astu i 2002, faoin am sin bhí siad gan díon don chuid is mó agus i mbaol tuilleadh caillteanais.

Baintear úsáid as teachín mar sheomra foirne; tá an t-ionad léirithe béal dorais; tá leithris agus stóras gáis ar an taobh eile den chaisleán.

Rinneadh daingniú agus athchóiriú ar dhá áitreabh feirme in aice leis an taobh intíre den mhurlach thuaidh.

Rinneadh athchóiriú uirthi le déanaí ar an tSráid, áit a mbíodh oifig phoist an oileáin agus píolótaí an Chathaigh lonnaithe sular tréigeadh an t-oileán ar deireadh i 1978. Léiríonn ghrianghraif stairiúla úire an aoil agus na ceantair dea-choiméadta lasmuigh. Is féidir le cuairteoirí taitneamh a bhaint as na radhairc seo ar an tSráid mar aon leis an radharc stairiúil siar go Ceapach agus Cill Rois arís ei

Uaireanta Oscailte

24 Bealtaine – 25 Meán Fómhair 2024

Glacann an Bád Farantóireachta 30 nóiméad gach treo – braitheann amanna imeachta ar an aimsir.

Maireann fad ama an oileáin thart ar 2.5 uair, ach gach coicís bíonn rogha ann thart ar ceithre huaire a chaitheamh ar an oileán.

Téigh chuig an oibritheoir farantóireachta le do thoil le sonraí a fháil.

 

Ná fág rian ar bith ar an Oileán le do thoil, tabhair abhaile leat aon bhruscar nó bia nach bhfuil ag teastáil.

Fógra

Tabhair ar aird le do thoil go bhfuil taisteal chuig an oileán ag brath ar an aimsir/an taoide.

Iarraimid ar cuairteoirí comhoibriú le foireann treorach OPW agus cloí go docht leis na rabhaidh / treoracha a eisíonn siad. Tá sé tábhachtach freisin coisbheart oiriúnach a chaitheamh (buataisí nó bróga siúil láidre) mar nach bhfuil roinnt garbhlach faoi chois oiriúnach.

Teagmháil

Cill Rois
Co. an Chláir

087 995 8427

Tabhair cuairt anseo

Turas báid 2.5km ó Mhuiríne Chill Rois

Oscail suíomh i Google Maps

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Siopa Leabhar
  • Leithris Teaghlaigh
  • Turais threoraithe
  • Músaem
  • Leithris

Srianta

  • Siúlóidí míchothrom

Achmhainní

Treoir Shóisialta

Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Scattery Island Center. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Ionad Oileán Scattery.

Íoslódáil an Treoir Shóisialta

Suíomhanna cóngarach

B’fhéidir gur mhaith leat freisin

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol