Ionad Cuairteoirí Bhóthar Chorr Liath
Cosán isteach sa stair
Ionad dúnta
Cead isteach
Saor in aisce
Getting here
Ionad Chonair na Coirre Léithe
Caonach
Co. Longfoirt
Contae an Longfoirt
N39 XT18
Ionad Cuairteoirí Bhóthar Chorr Liath
Folaithe i bportaigh Longfoirt, gar do shráidbhaile Chaonaigh, tá iarsma spreagúil ón réamhstair ar a dtugtar tóchar – bóthar ón Iarannaois – a tógadh in 148 RCh. Bóthar na Lochlannach a thugtar air go háitiúil, agus is é an ceann is mó dá shórt é a nochtadh san Eoraip.
Tá staraithe ar aon fhocal agus iad ag rá gur ródbhealach an-tábhachtach a bhí ann. D’fhéadfadh sé gur bóthar searmanach a bhí ann, a cheangail Cnoc Uisnigh, lárionad deasghnách na hÉireann, agus suíomh ríoga Ráth Cruachan.
Is as cláir throma dharach a rinneadh an chonair, agus slogadh síos sa phortach iad tar éis tamall gearr. Dá bharr sin, níorbh fhéidir í a úsáid, ar ndóigh, ach mar thoradh air sin freisin, d’fhan an chonair sa phortach agus í caomhnaithe go hiomlán ar feadh dhá mhíle bliain ina dhiaidh sin.
Taobh istigh den ionad léirithe, tá stráice den déanmhas ársa adhmaid, atá 18 méadar ar fad, ar taispeáint go buan i halla a dearadh go speisialta chun é a chaomhnú. Tapaigh an deis chun an t-iarsma iontach seo ónár seanstair a fheiceáil.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
2 Aibreán – 11 Samhain
Gach lá 10:00 – 18:00
Cead isteach deireanach 17:00.
Meánfhad cuairte: 1.5 uair
Fógra
Tabhair faoi deara: Nuair atá an Cháisc roimh 1 Aibreán, osclaíonn an tIonad ó Dhéardaoin Mandála le haghaidh an tséasúir.
Teagmháil
Ionad Chonair na Coirre Léithe
Caonach
Co. Longfoirt
N39 XT18
043 3322386
ctrackwayvisitorcentre@opw.ie
Áiseanna
- Seó Closamhairc
- Páirceáil Rothar
- Limistéar Picnice
- Leithris
- Leithreas inrochtana
Srianta
- Bealach isteach do turas treoraithe amháin
Suíomhanna cóngarach
Ionad Cuairteoirí Bhóthar Chorr Liath
Cluain Mhic Nóis
Timpeall 33.2 km ón Ionad Cuairteoirí Bhóthar Chorr Liath
Mainistir Bhaile Fhobhair
Aimsigh oidhreacht rúndiamhair Naomh Feichín
Timpeall 42.2 km ón Ionad Cuairteoirí Bhóthar Chorr Liath
Mainistir Na Búille
Téigh siar i stair na mainistreacha in Éirinn
Timpeall 49.9 km ón Ionad Cuairteoirí Bhóthar Chorr Liath