Skip to content

Oidhreacht Éireann

Caisleán Ghleann an Choim

Caisleán a bhfuil naisc aige le hÉirí Amach 1916

Unguided sites

Gleann an Choim
Contae Luimnigh

Caisleán Ghleann an Choim

Caisleán a bhfuil naisc aige le hÉirí Amach 1916

Unguided sites

Gleann an Choim
Contae Luimnigh

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Caisleán Ghleann an Choim atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

*Osclaíonn sealbhóir na heochrach an caisleán gach lá le go bhféadfaí dul isteach ann*

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Caisleán Ghleann an Choim

Túrtheach é Caisleán Ghleann an Choim i gCoill Éadaí, timpeall 9km ó dheas ó bhaile an Chaisleáin Nua. Ba é teaghlach Uí hAilgheanáin a thóg an túrtheach am éigin go déanach sa 15ú nó go luath sa 16ú haois. De réir an tseanchais áitiúil tógadh é ar shuíomh daingin a thóg muintir Uí Bhriain ní ba luaithe sa 10ú haois.

Tagann an logainm Béarla ‘Glenquin’ ón leagan Gaeilge ‘Gleann an Choim’. Gnáth-thúrtheach a bhí sa chaisleán ar dtús le trí hurlár. Bhíodh urlár na talún ina chistin, áit stórála bia, agus ceathrúna seirbhíse ann go fiú. Bhí halla féasta ar an gcéad urlár le síleáil boghtaí bairille, agus bhíodh an t-urlár uachtarach ina áit chónaithe do theaghlach Uí hAilgheanáin. Rinneadh an dá leibhéal uachtarach a fhoroinnt ní ba dhéanaí agus suiteáladh urláir adhmaid nua ar an dá leibhéal, rud a d’athraigh an túrtheach ina fhoirgneamh cúig stór, agus cuireadh fuinneoga nua leis. Is féidir na clocha coirbéil a thacaigh leis an dá urlár seo a fheiceáil fós ar na leibhéil uachtaracha. Tá poll an uafáis ar an gcéad urlár díreach os cionn an dorais isteach. Dá n-éireodh le namhaid dul isteach sa chaisleán le linn ionsaí d’úsáidfí é seo le huisce fiuchta a dhoirteadh síos ar aon ionsaitheoir, nó chun carraigeacha móra a ligean nó saigheada a scaoileadh ar ionróirí. Tá dhá phéirse boghdóra ar an mbinne thuaidh ar an urlár uachtarach freisin chun fir bhogha a chosaint le linn catha.

Ghabh teaghlach Uí Bhriain Caisleán Ghleann an Choim ó mhuintir Uí hAilgheanáin ar feadh tamall beag go dtí gur ghlac Iarlaí Dheasumhan, teaghlach Mhic Gearailt, seilbh air. Nuair a d’éirigh teaghlach Mhic Gearailt amach in aghaidh Choróin Shasana le linn an Chéad Éirí Amach i nDeasumhain 1569-1573, ghabh na Sasanaigh Caisleán Ghleann an Choim agus deonaíodh leis an Ridire Walter Ralleigh in 1571 é. Deirtear gur scartáil Ralleigh cuid den chaisleán, is dócha le nach bhféadadh na reibiliúnaigh é a úsáid. Tar éis an Dara hÉirí Amach i nDeasumhain 1579-1583, bronnadh an caisleán ar an Ridire William Courtney, an Feisire Parlaiminte agus Sirriam Devon a ghnóthaigh ceannas ar iar-eastát Mhic Gearailt sa Chaisleán Nua.

De réir an tseanchais áitiúil, is go deireadh an 17ú haois a bhí cónaí sa chaisleán go deireanach.  Go luath sa 19ú haois rinne Alfred Furlong, gníomhaire talún William Courtney, 10ú Iarla Devon, oibreacha fairsinge athchóirithe ar an gcaisleán, agus ina dhiaidh sin rinne Oifig na nOibreacha Poiblí tuilleadh oibreacha caomhantais.

Le linn Éirí Amach 1916 bhí Caisleán Ghleann an Choim, a bhí folamh an uair sin, mar phointe slógaidh do bhaill áitiúla Óglaigh na hÉireann a tháinig le chéile ann agus iad ag súil le lastas arm ón nGearmáin. Nuair a theip ar an lastas arm teacht i dtír, scaip na reibiliúnaigh nach raibh mórán arm acu gan beart ionsaitheach a dhéanamh in aghaidh fhórsaí na Breataine. In 1966 nochtadh plaic chuimhneacháin in aice leis an gcaisleán le cothrom lae 50 bliain an Éirithe Amach 1916 a chomóradh.

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol