Skip to content

Oidhreacht Éireann

Séipéal agus Cloch Oghaim Ráth Teas

Séipéal a tógadh ar sheanlios

Unguided sites

Ráth Theas
Contae Chiarraí

Séipéal agus Cloch Oghaim Ráth Teas

Séipéal a tógadh ar sheanlios

Unguided sites

Ráth Theas
Contae Chiarraí

Fógra

Séadchomhartha Náisiúnta is ea Séipéal agus Cloch Oghaim Ráth Teas atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí

WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur

Séipéal agus Cloch Oghaim Ráth Teas

Creidtear gur tógadh Séipéal Ráth Teas i lár bhaile Thrá Lí ar shuíomh seanleasa a tógadh circa 500 – 600AD, agus gur Ráth Teas a thugtar air dá bharr sin, ó ‘Ráth Má Theas’, a chiallaíonn dún an mhachaire theas. Leanann an príomhbhóthar a théann thar an suíomh cuaire an leasa bunaidh.

Cloch oghaim is ea an séadchomhartha is sine atá fós le feiceáil ar an suíomh inniu. Meastar go dtéann sí siar go dtí an 6ú haois, agus tá an inscríbhinn “[A]NM SILLANN MAQ VATTILLOGG” uirthi (ainm Sílán mac Fháithloga). Tá leac chroise luath-Chríostaí a théann siar go dtí 600 – 900AD le feiceáil ann freisin, ar thaobh na láimhe deise den chloch oghaim. Tógadh séipéal aon seomra amháin i stíl na hÉireann sa 10ú haois ar an suíomh i ngaineamhchloch chorcra áitiúil. Is iad an príomhdhoras isteach, agus taobh thiar an tséipéil reatha an t-aon dá rud atá fós ann ón gcéad lá riamh. Rinneadh athchóiriú ar an séipéal ní ba dhéanaí, sa stíl Normannach, trí shíneadh a chur leis an taobh thoir chun an foirgneamh níos mó a roinnt ina mheánlann le haghaidh na cuallachta agus saingeal don altóir. Cuireadh doras thiar leis ag an am seo freisin.

Ba chathaoir easpaig de chuid Dheoise Chiarraí é Ráth Teas idir 1111 agus 1117, nuair a bhog Easpaig Chiarraí a gcathaoir chumhachta go dtí Ardeaglais Ard Fhearta. Chuaigh an séipéal as feidhm sa 16ú haois, ach cuirtear daoine fós sa reilig ann go dtí an lá atá inniu ann. Tá Láthair Uaighe na bPoblachtach 100 slat laistiar den séipéal, áit ar cuireadh an deichniúr Óglach IRA a fuair bás i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad. Ina measc siúd bhí: John O’Connor, ó Chorcaigh, a maraíodh i Sléacht Bhailte Ó Síoda, agus Walter Stennings (nom-de-guerre), iarshaighdiúir Briotanach ó Oxford, a d’fhág chun troid ar son an IRA agus ar chuir Óglaigh na hÉireann chun báis é nuair a gabhadh ag cath Pluaiseanna Chlais Maolchon i mí Aibreáin 1923 é.

Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Shéipéal agus Cloch Oghaim Ráth Teas

Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint

Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014

Suíomhanna cóngarach

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Are you happy to receive marketing material via email from Heritage Ireland

Seol