Carraig Phádraig
Ard-Rí shéadchomharthaí na hÉireann
Shéipéal Chormaic
Is trí thuras treoreithe amháin a thugtar cuairt ar Shéipéal Chormaic
Tá líon teoranta ticéid ar fáil don turas istigh de Shéipéal Chormaic agus ní feidir iad a cheannachach ag an suíomh
Is féidir le hamanna turas agus sonraí a athrú ar fhógra gear, mar sín, cuir glaoch orainn roimh ré le do thoil,chun díomá a sheachaint
Cead isteach
Duine Fásta: €8.00
Grúpa/Seanóir: €6.00
Leanbh/Mac Léinn: €4.00
Teaghlach: €20.00
Follow us
Carraig Phádraig
Cuimsíonn Carraig Phádraig, a bhfuil suntas íocónach staire ag baint léi agus atá suite ar lomán aolchloiche i Machaire Méith na Mumhan, an cnuasach d’fhoirgnimh mheánaoiseacha is iontaí in Éirinn. I measc na séadchomharthaí atá le feiceáil ansin, tá cloigtheach, ardchros, séipéal Rómhánach, ardeaglais Ghotach, mainistir, Halla Chór na mBiocáirí agus caisleán ón gcúigiú haois déag.
Ba ann a bhí ceannáras Ríthe na Mumhan i dtús aimsire, agus de réir an tseanchais tháinig Naomh Pádraig féin anseo chun an Rí Aenghus a thiontú ina Chríostaí. Corónaíodh Brian Bóramha mar Ard-Rí ag Carraig Phádraig in 990 agus bhí sí mar cheanncheathrú aige ina dhiaidh sin.
Bronnadh an suíomh ar an eaglais in 1101 agus tháinig Carraig Phádraig chun cinn go tapa mar cheann de na lárionaid ba shuntasaí sa tír maidir le cumhacht na heaglaise.
Tá na foirgnimh atá fós ar an suíomh go hiontach ar fad. Mar shampla, tá na freascónna Rómhánacha atá i Séipéal Chormaic uathúil mar nach bhfuil ann ach iad in Éirinn.
Ní haon ionadh mar sin go bhfuil Carraig Phádraig ar cheann de na hionaid turasóireachta is mó a dtugtar cuairt air in Éirinn.
Buaicphointí
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Féach Amanna Oscailte Séasúracha
Fógra
Dúnta 24 – 26 Nollaig, an dá lá sin san áireamh.
Tabhair do d’aire nach mór do gach grúpa réamháirithint a dhéanamh.
Iarrtar ar thionscnóirí turas atá ag tabhairt cuairt ar Charraig Phádraig gan tiomáint díreach chuig an suíomh ach dul chuig an gcarrchlós is gaire dóibh.
Is trí thuras treoreithe amháin a thugtar cuairt ar Shéipéal Chormaic.
Tá líon teoranta ticéid ar fáil don turas istigh de Shéipéal Chormaic agus ní feidir iad a cheannachach ag an suíomh.
Is féidir le hamanna turas agus sonraí a athrú ar fhógra gear, mar sín, cuir glaoch orainn roimh ré le do thoil,chun díomá a sheachaint.
Uaireanta Oscailte Séasúracha
- 14 Mhárta - Lár Dheireadh Fómhair
Gach lá 09:00
An Turas Treoraithe Deireanach 15:45
Cead isteach deireanach 16:45
Meánfhad cuairte 1 – 1.5 uair
- Lár Dheireadh Fómhair - Lár Mhárta
Gach lá 09:00
Cead isteach deireanach 15:45
An turas deireanach 14:30
Meánfhad cuairte 1 – 1.5 uair
Tabhair cuairt anseo
I gCarr – Carrchlós poiblí gar don láithreán.
Ar an mBus – Gabh an X8 go Caiseal agus siúl 500m ó lár bhaile Chaisil amach ó Bhóthar Bhaile Átha Cliath.
Ar an Traein – Is é an stáisiún traenach is gaire ná Durlas.
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Seó Closamhairc
- Bróisiúr
- Card Accepted
- Páirceáil cóiste
- Ionad Imeachtaí
- Taispeántas
- Siopa bronntanas
- Turais threoraithe
- Músaem
Srianta
- Coisbheart oiriúnach
- Madra treorach amháin
- Coinnigh an ráille láimhe
- Doras íseal
- Ná dreap
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Carraig Phádraig
Caisleán na Cathrach
Daingean cosanta ón tríú haois déag
Timpeall 16.4 km ón Carraig Phádraig
An Teachín Eilvéiseach
Fantaisíocht aoibhinn faoi shaol na tuaithe
Timpeall 18.2 km ón Carraig Phádraig
Daingean an Phríomhgharda
Teach cúirte a bhfuil na céadta bliain den stair faoina chuid áirsí
Timpeall 22.6 km ón Carraig Phádraig
Achmhainní
Treoir Shóisialta agus Treoracha Cuairteoirí
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Rock of Cashel. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Charraig Chaisil.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta
Íoslódáil Treoir na gCuairteoirí
Guide français du Rocher de Cashel
Rock of Cashel Deutscher Reiseführer
Treoir as Gaeilge
Guida Rock of Cashel in italiano
Przewodnik po Rock of Cashel po polsku
Guía de Rock of Cashel en español