Oidhreacht Éireann

Eastát Dhún ar Aill

Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí

10:00 – 18:00

Amanna oscailte go léir

Eastát Dhún ar Aill

Leagan fíorshaoil de Downton Abbey i dTuaisceart Chorcaí

10:00 – 18:00

See all opening times

Ionad dúnta

Dúnta ó 01 Samhain 2020.

Cead isteach

Cead isteach don Pháirc saor in aisce.

Cead isteach le haghaidh Thuras Treoraithe an Tí
Fásta € 8.00
Sinsearach / Grúpa € 6.00
Leanbh / Mac Léinn € 4.00
Teaghlach € 20.00

Getting here

Dún ar Aill
Co. Chorcaí
P51 A899

Get Directions

Trip Advisor

4.5

Follow us

Eastát Dhún ar Aill

Seasann Cúirt Dhún ar Aill go maorga os cionn Pháirc aoibhinn Dhún ar Aill, eastát 160 heicteár d’fhearann páirce agus fiadhúlra a bhfuil tírdhreachtú déanta air.

Ba é teaghlach St Leger a thóg an teach timpeall 1645 ar shuíomh sheanchaisleáin a bhí réidh le titim. Faoin am a ndearnadh athchóiriú air i lár an ochtú haois déag, bhí sé ina shár-eiseamláir den ailtireacht Sheoirseach. Rinneadh cur síos air mar ‘leagan fíorshaoil de Downton Abbey’.

Bhí cónaí ar thrí ghlúin déag de theaghlach St Leger ag Dún ar Aill thar thréimhse trí chéad bliain. Bhí daoine neamhchoitianta sa chlann. Mar shampla, cuireadh ainm Elizabeth St Leger sna cuntais staire nuair ab í an chéad bhean ar domhan í a ndearnadh máisiún di in 1712.

Tá an fearann páirce deartha i stíl nádúraíoch an ailtire tírdhreacha cháiliúil, Capability Brown. Mar chuid den fhearann tá gnéithe áille uisce, garraí daingean parterre agus teachíní garraíodóirí. Tá líon mór conairí agus siúlóidí grádaithe ann. Má bhíonn an t-ádh ar chuairteoirí, seans go bhfeicfidh siad cuid de na fianna rua, na fianna buí, na fianna Seapánacha agus na ba Chiarraíocha a mhaireann ar an eastát.

Uaireanta Oscailte

Uaireanta Oscailte Teach Dhún ar Aill

27 Márta – 25 Deireadh Fómhair 2020

Oscailte Déardaoin go Domhnch amháin ag tosú 3 Meán Fómhair 2020

10:00 – 18:00

Cead isteach deireanach 16:45

Meánfhad cuairte: 45 nóiméad

Uaireanta Oscailte Séasúracha

An Páirc - Uaireanta Oscailte – Samhradh

Luan – Aoine, 08:00 – 20:00
Satharn, Domhnach, Laethanta Saoire Bainc, 08:00 – 20:00

An Páirc - Uaireanta Oscailte – Geimhreadh

Luan – Aoine 08:00 – 17:00
Satharn, Domhnach, Laethanta Saoire Bainc 08:00 – 17:00

Teagmháil

Dún ar Aill
Co. Chorcaí
P51 A899

087 938 4907

Tabhair cuairt anseo

11km soir ó thuaidh ó Mhala
Téigh thart ar 6km ar an mbóthar N20 go Luimneach. Cas ar dheis ar bhóthar Bhaile Mhistéala (R581) agus lean ort ar feadh thart ar 8km. Tóg an R522.

Roghnaigh modh taistil

Áiseanna

  • Ealaín
  • Caifé
  • Carrchlós
  • Páirceáil cóiste
  • Turais threoraithe
  • Limistéar Picnice
  • Clós Súgartha
  • Leithris

Srianta

    Suíomhanna cóngarach

    B’fhéidir gur mhaith leat freisin

    Cárta Oidhreachta

    Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

    Tuilleadh eolais

    Bí ar ár liosta seoltaí

    Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.

    Seol