Mainistir Na Búille
Téigh siar i stair na mainistreacha in Éirinn
17 Márta - 20 Meán Fómhair 2023
Ionad dúnta
Cead isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúpa/Seanóir: €4.00
Leanbh/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Airgead tirim amháin, le do thoil- gan aon áis Cárta Creidmheasa
Mainistir Na Búille
Bunaíodh an mhainistir Chistéirseach seo sa dara haois déag. Ba mhanaigh ón Mainistir Mhór faoi phátrúnacht an teaghlaigh áitiúil, clann Mhic Diarmada, a bhí i réim sa cheantar ag an am, a bhunaigh í. Bhí sí ar cheann de na mainistreacha lua ba chumhachtaí a bhunaigh na Cistéirsigh in Éirinn agus i measc na gceann ba thábhachtaí i gCúige Chonnacht.
Rinne fórsaí Chromail léirscrios nuair a ghabh siad seilbh ar an mainistir in 1659. Rinneadh breis scriosta sna haoiseanna ina dhiaidh sin, nuair a baineadh úsáid aisti chun cóiríocht a chur ar fáil do gharastún airm. In ainneoin an fhoréigin ar fad a d’fholaing sí anuas trí na haoiseanna, tá bail mhaith ar Mhainistir na Búille agus téann sí i bhfeidhm ar chuairteoirí go fóill.
Rinneadh athchóiriú ar theach geata ón séú/seachtú haois déag agus tá sé ag feidhmiú mar ionad léirithe anois, áit ar féidir leat tuilleadh a fhoghlaim maidir le stair fhíorspéisiúil na mainistreach.
Buaicphointí

Gailearaí
Uaireanta Oscailte
17 Márta – 20 Meán Fómhair 2023
Gach lá 10:00 – 18:00
Cead isteach deireanach 17:15
Tabhair cuairt anseo
I mBaile na Búille, in aice leis an N4 (Bóthar Bhaile Átha Cliath/Shligigh)
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Taispeántas
- Turais threoraithe
- Taispeántas léirmhínitheach
- Leithris
- Leithreas inrochtana
Srianta
- Madra treorach amháin
- Rochtain Theoranta
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Mainistir Na Búille
Ráth Cruachan
Lean lorg na Banríona Medb ag príomhchathair ársa Chonnacht
Timpeall 21.8 km ón Mainistir Na Búille
Caisleán Parke
Lean lorg na bplandálaithe agus na nGael
Timpeall 32.5 km ón Mainistir Na Búille
Reilig Mheigiliteach na Ceathrú Móire
Na tuamaí meigiliteacha is sine in Éirinn suite i dtírdhreach drámatúil neoiliteach
Timpeall 34.1 km ón Mainistir Na Búille
Achmhainní
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Mhainistir Boyle. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Mhainistir Boyle.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta