Skip to content

Oidhreacht Éireann

Buaicphointí Mainistir Sheireapúin (4)

  1. An Stuara Clabhstra Dealbhaithe

    An Stuara Clabhstra Dealbhaithe

    Is í an ghné is súntasaí atá ag Mainistir Sheireapúin ná an stuara clabhstra ón gcúigiú haois déag, ar a bhfuil sraith uathúil d’íomhánna snoite air. Ina measc tá sraith de ghalláin dhealbhaithe ar a dtaispeántar naoimh, ainmhithe agus figiúirí tuata orthu. Tá idir Naomh Antaine, le muc ag a chosa, ridire Buitléireach agus a bhean chéile, le moncaí ag a uillinn, agus beithigh mhiotasacha éagsúla le feiceál i measc na snoiteáin dochreidte atá anseo.

  2. Feistis Chloiche den Scoth

    Feistis Chloiche den Scoth

    Cuireann na feistis cloiche álainn go mór le stádas Seireapún mar cheann de na mainistreacha meánaoiseacha is fearr-chaomhnaithe in Éirinn. Ar bhalla theas an tseangail ón dara haois déag tá almóir agus suíochán le dearaí rachtáin. Áit stórála don chailís agus don phaitinn ab ea an t-almóir, agus chuir an suíochán de thrí shraith áit galánta ar fáil don chléir chun suí. Faoi bhun an fhuinneoig thoir tá leac altóra aolchloiche bunaidh, maisithe go simplí le crosa Mháltacha.

    Is sraith seomraí atá sa raon thoir, a úsáideadh den chuid is mó chun an mhainistir a riaradh. Sa lá atá inniu ann tá raon suntasach de snoiteáin chloiche le feiceáil sna seomraí seo.

  3. Ealaín Araltach

    Ealaín Araltach

    Déan cinnte go bhfeiceann tú na ceithre armas móra péinteáilte ar bhalla thuaidh an tsaingil. Ar na sciatha áille seo, ar comharthaí cuid de phátrúin na mainistreach iad, tá siombailí cosúil le sliogáin muirín, toirc fhiáine, dioscaí agus eirmíní. Tugann siad léargas pribhléideach ar thraidisiún araltais an chúigiú haois déag agus is fiú go mór iad a fheiceáil.

  4. Tuamaí Ornáideacha

    Tuamaí Ornáideacha

    Ní mór duit an dá shampla fíorálainn de thuamaí mensa maisithe ó dheireadh an chúigiú haois déag nó tús an séú haois déag i gcroslanna thuaidh na mainistreach a fheiceáil . Ar na tuamaí seo tá léiriú den scoth ar naoimh na hEorpa agus ar na hAspail. Is as ceardlann cháiliúl mhuintir Uí Thonnaigh i gCallan a tháining na snoiteán seo.

Cárta Oidhreachta

Rochtain gan teorainn ar ár n-oidhreacht

Tuilleadh eolais

Bí ar ár liosta seoltaí

Seol

Bí suas chun dáta ar ár nuacht, imeachtaí, gníomhaíochtaí agus foilseacháin.