Mainistir Tintern
Áit a raibh manaigh ag obair go dian agus áit inar cruthaíodh oidhreachtaí
15 Márta - 06 Samhain 2024
Cead isteach
Duine Fásta: €5.00
Grúpa/Seanóir: €4.00
Leanbh/Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Airgead tirim amháin le do thoil
Mainistir Tintern
Bhunaigh William, Iarla Marshal, an mhainistir Chistéirseach seo thart ar an mbliain 1200. Bunaíodh í ar thailte a bhí ina sheilbh as ucht gur phós sé an banoidhre Éireannach, Isabella de Clare. Bunaíodh an mhainistir seo mar chraobhtheach de chuid Tintern Major sa Bhreatain Bheag agus is minic a thugtar Tintern de Voto uirthi.
Tá corp na heaglaise, an túr, an séipéal agus an clabhstra ina seasamh go fóill. Tugadh an mhainistir do theaghlach Mhic Caochlaoich sa séú haois déag agus go gairid ina dhiaidh sin rinneadh áit chónaithe de chuid den eaglais agus rinneadh tuilleadh athruithe uirthi sna haoiseanna ina dhiaidh sin. Bhí muintir Mhic Caochlaoich i seilbh na mainistreach ón séú haois déag go dtí lár an fichiú haois.
Déanadh socraithe speisialta chun na coilíneachtaí ialtóg a chosaint mar chuid den obair athchóirithe. Tá an mhainistir suite i limistéar faoi chaomhnú speisialta agus coillearnach timpeall uirthi a bhfuil conairí siúil taobh istigh di. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Gharraí Daingean Mhic Caochlaoich taobh istigh den seaneastát.
Buaicphointí
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
15 Márta – 06 Samhain 2024
5
Fógra
Is féidir ticéad comhcheangailte, a thugann cead isteach chuig Mainistir Tintern agus Gairdín Múrtha Colclough a cheannacht ag an bhFáiltiú.
Caithfidh duine fásta bheith in éineacht le leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois i gcónaí.
Uaireanta Oscailte Séasúracha
- 15 Márta- 31 Bealtaine
Gach lá 10:00 – 17:00
Cead isteach deireanach 16:15
- 01 Meitheamh -31 Lúnasa
Gach lá 10:00 – 17:30
Cead istaech deireanach 16:45
- 01 Meán Fómhair- 06 Samhain
Gach lá 10:00 – 17:00
Cead isteach deireanach 16:15
Dúnfar an suíomh ag meán lae ar 06 Samhain 2024
Teagmháil
Muileann an tSáile,
Ros Mhic Thriúin,
Co. Loch Garman
Y34 KR64
051 562 650
Tabhair cuairt anseo
16km ó dheas ó Ros Mhic Thriúin ar bhóthar an R734 nó 29km ó Loch Garman ar bhóthar an R733 ó Loch Garman go Baile Hac
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Páirceáil Rothar
- Carrchlós
- Card Accepted
- Páirceáil cóiste
- Taispeántas
- Turais threoraithe
- Limistéar Picnice
- Bealach abhann
- Leithris
- Bealach siúil
- Leithreas inrochtana
Srianta
- Coisbheart oiriúnach
- Madra treorach amháin
- Ná dreap
- Cosc ar gléas móibíleach
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Mainistir Tintern
Caisleán Bhaile Hac
Faigh blaiseadh de shaol na Meánaoiseanna
Timpeall 8.9 km ón Mainistir Tintern
Crannlann agus Páirc Chuimhneacháin JFK
Crannlann atá ar mhéid uachtaránachta.
Timpeall 11.4 km ón Mainistir Tintern
Túr Reginald
Téigh isteach san fhoirgneamh pobail is sine in Éirinn
Timpeall 18.4 km ón Mainistir Tintern
Achmhainní
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Mhainistir Tintern. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Mhainistir Tintern.
Íoslódáil an Treoir Shóisialta