Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne – Sí an Bhrú agus Cnóbha
Tabhair cuairt ar an tírdhreach seandálaíochta is saibhre in Éirinn
Reámh-Áirithint Riachtanach
Rochtain ar thuras treoraithe amháin. Tá méid na ticéid ar fáil an-teoranta.
Ní bhfaighidh daoine atá faoi aois (leanaí faoi bhun 18 mbliana d'aois) gan tionlacan cead isteach.
Cead isteach
Tá méid na dticéad ar fáil an-teoranta.
Tá sé riachtanach ticéid a chur in áirithe roimh ré. Caithfidh ticéad a bheith ag gach cuairteoir lena n-áirítear leanaí / naíonáin.
Is féidir áirithint a dhéanamh ar líne suas le 30 lá roimh an gcuairt.
Ní bhfaighidh daoine atá faoi aois (leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois) gan tionlacan cead isteach.
Ba chóir do úsáideoirí cathaoireacha rothaí nó cuairteoirí a dteastaíonn cúnamh speisialta uathu, ríomhphost a sheoladh chuig brunaboinne@opw.ie sula gcuirtear in áirithe iad.
Áirithiní grúpa (15-24 ticéad) Seol ríomhphost chuig: brunaboinne@opw.ie
Follow us
Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne – Sí an Bhrú agus Cnóbha
Is é Láithreán Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne an tírdhreach is saibhre in Éirinn ó thaobh na seandálaíochta de agus suite taobh istigh de lúb sa Bhóinn.
Tá cáil ar Bhrú na Bóinne as tuamaí pasáiste iontacha réamhstairiúla Chnóbha, Shí an Bhrú agus Dhubhadh a tógadh thart timpeall ar 3200RC. Tá na foirgnimh shearmanacha seo i measc na suíomhanna Neoiliteacha is tábhachtaí ar domhan agus is iontu atá an bailiúchán is mó d’ealaín mheigiliteach in iarthar na hEorpa.
Ionad Cuairteoirí, Sí na Bhrú agus Cnóbha
Is é Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne ceann tosaigh gach uile chuairt a thugtar ar Shí an Bhrú agus ar Chnóbha. Is é taispeántas an Ionad Chuairteoirí eispéireas cuairteoirí atá go hiomlán idirghníomhach ina bpléitear an cultúr, an tírdhreach agus na séadchomharthaí ón tréimhse neoiliteach ag Brú na Bóinne.
Tugtar na cuairteoirí go dtí na séadchomharthaí seo ar bhus tointeála agus réamh-áirinthint riachtanach. Ní gá áirithint a dhéanamh roimh ré don Ionad Cuairteoirí amháin.
Tá 4 cin de roghanna turais ar fail:
1. TURAS BHRÚ NA BÓINNE + SEOMRA SÍ
AN BHRÚ
Turas treoraithe ar Cnóbha agus Sí an Bhrú.
Rochtain ar an seomra ag Sí an Bhrú.
Tá taispeántais ag Cnóbha agus ag an Ionad Cuairteoirí san áireamh
Níl aon teacht ar na seomraí ag Cnóbha
REÁMH-ÁIRITHINT RIACHTANACH
(Is é seo an príomh-rogha turas)
2. TURAS SHÍ AN BHRÚ + TAISPEÁNTAS
Turas treoraithe ar Shí an Bhrú.
Rochtain ar an seomra ag Sí an Bhrú.
Tá taispeántas ag an Ionad Cuairteoirí san áireamh
REÁMH-ÁIRITHINT RIACHTANACH
3. TURAS CNÓBHA + TAISPEÁNTAS
Turas treoraithe ar Cnóbha.
Tá taispeántais ag Cnóbha agus ag an Ionad Cuairteoirí san áireamh.
Níl aon teacht ar na seomraí ag Cnóbha
REÁMH-ÁIRITHINT – AG TEACHT GO
LUATH
4. TAISPEÁNTAS AN IONAID CHUAIRTEOIRÍ AMHÁIN
Taispeántas féin treoraithe
Níl cuairt ar na séad chomharthaí san áireamh.
(Níl na ticéid seo ar fáil le háirithint roimh
ré)
Dúnta an 24 – go dtí an 27 Nollaig, agus an dá dháta sin san áireamh
Ní mór do ghrúpaí de 15 – 24 nó níos mó ceann dár sliotáin ama do ghrúpaí a chur in áirithint roimh ré ach ríomhphost a chur chuig brunaboinne@opw.ie chun fáil amach faoi na sliotáin ama atá ar fáil.
Dubhadh
Is féidir le cuairteoirí a dteastaíonn uatha Dubhadh a fheiceáil teacht ar chúl an tséadchomhartha go díreach ón N51. Ní féidir teacht air tríd an Ionad Cuairteoirí.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Amanna Oscailte an Ionaid Chuairteoirí :
Eanáir 9:00 – 16:15
Feabhra 9:30 – 16:45
Márta 9:30 – 16:45
Ailbreán 9:30 – 16:45
Bealtaine 9:00 – 17:45
Meitheamh 9:00 – 17:45
Iúil 9:00 – 17:45
Lúnasa 9:00 – 17:55
Meán Fómhair 9:00 – 17:15
Deireadh Fómhair 9:00 – 16:15
Samhain 9:00 – 16:15
Nollaig 9:00 – 16:15*
Le haghaidh amanna turais, cliceáil an nasc ‘Áirithint ar líne’ *Gnáthroghanna turas ar fionraí agus oscailt níos luaithe ar mhaidineacha Ghrianstad an Gheimhridh (19 – 23 Nollaig).
Dúnta an 24 – go dtí an 27 Nollaig, agus an dá dháta sin san áireamh.
Ní mór do ghrúpaí de 15 – 24 nó níos mó ceann dár sliotáin ama do ghrúpaí a chur in áirithint roimh ré ach ríomhphost a chur chuig brunaboinne@opw.ie chun fáil amach faoi na sliotáin ama atá ar fáil.
Fógra
Nil rochtain do chách ann. Teigh i dteaghmháil linn roimh teacht ar cuairt má tágá le cunamh speisialta nó má tá fadhbanna luaineachta i gceist.
Tá an pasáiste agus an seomra ag Sí an Bhrú íseal agus cúng. B’fhéidir nach bhfuil siad oiriúnach do chuairteoirí a bhfuil clástrafóibe nó fadhbanna soghluaisteachta acu – Má bhíonn aon imní ort déan teagmháil linn roimh ré le do thoil.
Is suíomh an-ghnóthach é Brú na Bóinne.
Tá líon na ticéid don turais teoranta.
D’fhéadfadh moill fhada a bheith ar chuairteóirí nó gan rochtain a fháil ar na suíomhanna.
Ní ráthaítear rochtain gan ticéid réamh-áirithinte.
Níl roctain ar na seomraí ag Cnóbha
Tá na séadchomharthaí amuigh faoin aer gan aon foscadh. Caith éadaí atá oiriúnach don aimsir
Grianghrafadóireacht: Níl cheadaítear sa phasáite agus sa seomra ag Sí an Bhrú. Tá ceadúnas ag teastáil le haghaidh grianghraf agus scannán a úsáidfear ar bhonn tráchtála.
Níl cheadaítear bagáiste taobh istigh de Shí an Bhrú. Ní mór do chuairteoiri iad a fhágáil sna coimeádáin sábháilte a chuirtear ar fáil
D’fhéadfadh go mbrathfadh oscailt láithreán de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí ar an aimsir agus chun sábháilteacht agus folláine gach duine a dheimhniú, d’fhéadfaí go mbeadh rochtain faoi réir athuithe ar gearrfhógra. Déanfar gach iarracht chun na hiaimh seo a fhógairt roimh am ach má tá aon amhras ort, déan seiceáil leis an láthair le do thoil le haghaidh a Stádas Oscailte/Dúnta.
Tabhair cuairt anseo
Is é Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne ceann tosaigh gach uile chuairt a thugtar ar Shí an Bhrú agus ar Chnóbha. . Ná téigh díreach go dtí na séadchomharthaí toisc nach ligfear isteach iontu tú. Tugtar na cuairteoirí go dtí na séadchomharthaí ar bhus tointeála.
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Clostreoir chun taispeántas
- Seomra Gléasta Páiste
- Páirceáil Rothar
- Siopa Leabhar
- Caifé
- Carrchlós
- Taispeántais ag athrú
- Páirceáil cóiste
- Ionad Imeachtaí
- Taispeántas
- Siopa bronntanas
- Ardaitheoir
- Músaem
- Limistéar Picnice
- Leithris
- Leithreas inrochtana
- Wi-Fi
Srianta
- Is trí Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne atá gach iontráil chuig Sí an Bhrú agus Cnóbha
- Madra treorach amháin
Suíomhanna cóngarach
Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne – Sí an Bhrú agus Cnóbha
Cath na Bóinne
Áit ar throid beirt ríthe ar mhaithe le todhchaí na hEorpa
Timpeall 3.8 km ón Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne – Sí an Bhrú agus Cnóbha
An tSeanmhainistir Mhór
Tabhair cuairt ar an gcéad áit a bhunaigh na Cistéirsigh in Éirinn
Timpeall 5.6 km ón Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne – Sí an Bhrú agus Cnóbha
Teamhair
Faigh blaiseadh d’oidhreacht na n-ardríthe
Timpeall 16.7 km ón Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne – Sí an Bhrú agus Cnóbha
Achmhainní
Treoir Shóisialta
Íoslódáil, priontáil agus léigh ár dtreoir shóisialta (PDF) faoi chuairt a thabhairt ar Brú na Bóinne. Cuideoidh sé seo le cuairteoirí céaduaire, teaghlaigh agus daoine faoi mhíchumas forbartha agus foghlama ullmhú le haghaidh cuairte ar Brú na Bóinne.
Download the Brú Na Boinne Outside Covid social story
Acmhainní Oideachais
Féach ar ár nAcmhainní Oideachais do Ionad Cuairteoirí Bhrú Na Bóinne - Sí an Bhrú agus Cnóbha
(3 acmhainní)