Teach agus Gailearaí Gléibe
Fiosraigh bailiúchán ealaíne den chéad scoth
Rochtain laghdaithe
Cead isteach
Gailearaí: Saor ó Tháille.
Teach: Duine Fásta: €5.00
Grúpa / Seanóir: €4.00
Páiste / Mac Léinn: €3.00
Teaghlach: €13.00
Follow us
Teach agus Gailearaí Gléibe
Tá an talamh maorga seo i stíl na Leasríochta, ó 1828, suite i ngairdíní coillearnaí gar do bhaile Leitir Ceanainn i gContae Dhún na nGall. Bhí cónaí ar an bpéintéir aitheanta Derek Hill anseo agus ba ann a d’oibrigh sé ó na 1950idí go dtí na 1980idí, nuair a bhronn sé an teach ar stát na hÉireann – mar aon le bailiúchán iontach ealáine.
Fear ba ea Hill a raibh breithiúnas den scoth aige. Tá an teach mar a d’fhág sé é – maisithe go hálainn le teicstílí William Morris agus troscán de dhearadh an oirthir. Tá na céadta saothar mar chuid den bhailiúchán le cuid de na ceannródaithe i ndomhan na healaíne, leithéidí Pablo Picasso, Georges Braque, Louisle Brocquy agus Auguste Renoir. Tá píosaí eile den chéad scoth ann freisin ó áiteanna níos faide i gcéin, an tSeapáin agus an domhan Ioslamach ina measc.
Rinneadh gailearaí comhaimseartha agus galánta de stiúideo Hill, atá taobh leis an teach, agus bíonn taispeántais éagsúla ann anois.
Gailearaí
Uaireanta Oscailte
Tailte oscailte: Gach Lá 11:00 – 18:30
Teach agus Gailearaí ar oscailt 07 – 15 Aibreán, 28 Bealtaine – 05 Samhain 2023
Fógra
Tá an Teach agus an Gailearaí dúnta ar an Aoine, míonna Meitheamh, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair.
Uaireanta Oscailte Séasúracha
Tabhair cuairt anseo
18 km ó Leitir Ceanainn ar an R251
Roghnaigh modh taistil
Áiseanna
- Ealaín
- Seomra Gléasta Páiste
- Bróisiúr
- Caifé
- Carrchlós
- Taispeántas
- Leithris Teaghlaigh
- Turais threoraithe
Srianta
- Rochtain Theoranta
- Siúlóidí míchothrom
Suíomhanna cóngarach
Teach agus Gailearaí Gléibe
Muilte Arbhair agus Lín an Mhuilinn Úir
Déan oidhreacht tionsclaíochta Uladh a chíoradh
Timpeall 10.3 km ón Teach agus Gailearaí Gléibe
Caisleán na dTuath
Dúnfort cois uisce a bhfuil stair an-chorraitheach ag baint leis
Timpeall 14.8 km ón Teach agus Gailearaí Gléibe
Caisleán Dhún na nGall
Ceann de na caisleáin Ghaelacha is áille in Éirinn
Timpeall 41.0 km ón Teach agus Gailearaí Gléibe