Mainistir Agaistíneach Bhaile an Tobair
Níos mó ná 800 bliain de chreideamh agus de chráifeacht
Unguided sitesFógra
Séadchomhartha Náisiúnta faoi choimirce an stáit is ea Mainistir Bhaile an Tobair
WARNING: It should be noted that these sites are unguided and a level of care and caution should be maintained during all stages of your visit. The Office Of Public Works (OPW) will not be held responsible for any damages, injuries, or losses that occur
Mainistir Agaistíneach Bhaile an Tobair
Tá sé ráite go dtéann bunús Mhainistir Bhaile an Tobair siar go dtí an bhliain 441, tráth a bhaist Naomh Pádraig daoine ag tobar agus a bhunaigh sé eaglais. Is as sin a thagann ainm an bhaile, Baile Tobair Phádraig. Tá bealach oilithrigh, atá 35 km ar fad, idir an mhainistir agus Cruach Phádraig — Tóchar Phádraig.
Baineann an mhainistir féin leis an mbliain 1216, tráth a bhunaigh Cathal Crobhdearg Ua Conchobair, Rí Chonnacht, an mhainistir faoi choinne na nAgaistíneach. Ní hamháin go mbaineann an mhainistir le muintir chumhachtach Ua Conchobair, ach bhí baint aici le muintir de Búrca freisin; tá baill den teaghlach curtha taobh istigh de thailte na mainistreach fós.
Tá Tiobóid de Búrca ar dhuine de na baill is cáiliúla agus tá an tuama téastair seo aigesean feadh bhalla theas na heaglaise. Bronnadh ridireacht ar Thiobóid as ucht Armáid na Spáinne a chloí i gCionn tSáile. Rinneadh céad-Bhíocunta Mhaigh Eo de sa bhliain 1627.
Dúnmharaíodh Tiobóid cóngarach don mhainistir dhá bhliain ní ba dhéanaí.
Ba mhac le Banríon na bhFoghlaithe Mara, Gráinne Mhaol Ní Mháille, é Tiobóid chomh maith.
Bhí cruth croise ar an eaglais i ndiaidh a tógála, ach dódh cuid di sa bhliain 1265. Atógadh í taobh istigh de chúig bliana. Is dócha go mbaineann na clabhstraí leis an 15ú céad agus seans go bhfuil an teach caibidle níos sine — timpeall an 13ú céad.
Scriosadh an mhórchuid den fhoirgneamh sa bhliain 1653 de bharr ionsaí Chromail. Tugadh faoi trí bhabhta athchóirithe le himeacht céad bliain.
Rinneadh an chéad athchóiriú in 1846. Ní rabhthas ábalta ach na fuinneoga a dheisiú roimh theacht an Ghorta Mhóir.
Tugadh faoin dara hathchóiriú sa bhliain 1889; cuireadh díon ar an saingeal agus ar na croslanna.
Tugadh aghaidh ar an tríú hathchóiriú (an t-athchóiriú deireanach) thar thréimhse trí bliana ó 1963 ar aghaidh faoi shúil aireach Percy Le Clerc, Cigire na Séadchomharthaí Náisiúnta.
Bíonn an tAifreann ar siúl sa mhainistir athchóirithe sa lá atá inniu ann agus reáchtáiltear cuairteanna uirthi freisin. Is cúis mhór bhróid do Bhaile an Tobair go bhfuil an tAifreann á rá sa mhainistir, gan teip, ón mbliain 1216 i leith, in ainneoin na n-ionsaithe agus an scriosta uile a rinneadh uirthi.”
Féach ar Ballintubberabbey.ie chun eolas a fháil faoi chuairteanna treoraithe
Gabh chuig Amharcóir Timpeallachta Stairiúla le tuilleadh eolais a fháil faoi Mhainistir Bhaile an Tobair
Cosaint dár Stair – Cliceáil anseo chun léamh faoin tábhacht atá leis na láithreán oidhreachta speisialta inár dtír a chosaint
Tá an séadchomhartha náisiúnta seo faoi chosaint de réir Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930 go 2014
Gailearaí
Suíomhanna cóngarach
Caisleán Achadh na nIúr
Seoid stairiúil i gcroílár Chonamara
Timpeall 37.6 km ón Mainistir Agaistíneach Bhaile an Tobair
Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara - Teach na bPhiarsaigh agus Ionad Cuairteoirí
Teachín ar maos sa stair réabhlóideach agus i gcultúr na nGael
Timpeall 46.6 km ón Mainistir Agaistíneach Bhaile an Tobair
Caisleán Bhaile Átha an Rí
Suaitheantas de thiarnas na Normannach
Timpeall 62.0 km ón Mainistir Agaistíneach Bhaile an Tobair
Láithreán Neoiliteach agus Ionad Cuairteoirí Achaidh Chéide
An séadchomhartha Clochaoise is fairsing ar domhan
Timpeall 62.3 km ón Mainistir Agaistíneach Bhaile an Tobair
Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan
Lean lorg na Banríona Medb ag príomhchathair ársa Chonnacht
Timpeall 67.7 km ón Mainistir Agaistíneach Bhaile an Tobair
Mainistir Na Búille
Téigh siar i stair na mainistreacha in Éirinn
Timpeall 69.0 km ón Mainistir Agaistíneach Bhaile an Tobair